Folk Tale

An Coileach agus an Madra Rua

TitleAn Coileach agus an Madra Rua
Book AuthorPeadar Ua Laoghaire
Chapter Nr.02
Language codegle
Origin (region)Cork

Maidin bhreá samhraidh tharla go raibh madra rua ag siúl go ciúin agus go haclaí, i gcóngar do chró na gcearc. Is réidh a thógadh sé na cosa agus is réidhe ná sin a ligeadh sé faoi iad. Dá fheabhas aire a thug sé dóibh níorbh fhada gur chuir sé cos acu san inneall a cuireadh san áit d’aon ghnó chun breith air. Bhí an coileach ina sheasamh in airde ar an gcró. Chonaic sé cad a thit amach agus an cruachás ina raibh an madra rua.

“Ó! a choiligh an chroí istigh!” arsa an madra rua, “tar agus bog díom an rud seo nó is gearr go mbeidh mé gan chos. Tá ioscaid ghaoil agam leat. Tar agus fuascail mé. Díolfaidh mé an comhar leat uair éigin.”

Ní dhearna an coileach ach imeacht láithreach agus an scéal a insint d’fhear an tí. Tháinig seisean agus cleith aige agus mharaigh sé an madra rua.

An Múineadh: Trua don choirpeach! Mo thruasa an té a bhfuil sin aige. Díolfaidh sé as an uair is lú a bheidh coinne aige.


Text viewBook