Folk Tale
Na Froganna a’ Lorg Rí
Author | Peadar Ua Laoghaire |
---|---|
Book Title | Aesop a tháinig go hÉirinn |
Publication Date | 0 |
Language | Irish |
Origin | Ireland |
Bhí loch breá mór fairsiog i lár machaire, agus é lán ó thaobh taobh d’fhrogannaibh. Froganna breátha sleamhaine beathaithe ab ea iad. Bhí cuid acu mór agus cuid acu beag, cuid acu óg agus cuid acu críonna, cuid acu buí agus cuid acu crón. Ach beag agus mór dóibh, buí agus crón dóibh, óg agus críonna dhóibh, ní raibh oiread agus aon fhrog amháin acu go raibh buairt ná brón ná easpa sláinte air. Ní raibh de ghnó ná d’obair ná de chúram orthu, ó mhaidin go hoíche ach bheith ag snámh anonn ’s anall tríd an uisce, nú ag caitheamh trí léim táilliúra de dhruím a chéile, nú dhá n-iomlasc féin sa ghlóthaigh. Dar leó níor deineadh ceól sí riamh ba bhreátha ná an ceól a bhíodh acu agus iad ag crónán agus ag cnádán agus ag cneadaigh, mórthímpall an locha. Do cluintí an dórd seacht n-acra ón loch, i dtreó, nuair ’ bhíodh an mada rua nú an giorrae ag teacht abhaile ón bhfiach go stadaidís tamall ag éisteacht leis an bhfoghar mbreá.
Dá fheabhas a bhí an saol acu ní rabhadar sásta. Thuigeadar ’na n-aigne go raibh aon easnamh amháin orthu agus ná raibh maith ar bith in aon ní dá raibh acu muna leighisfí an t-easnamh san dóibh.
B’é easnamh é sin ná iad do bheith gan rí os a gciúnn. “Is trua,” ar siad, “gan rí uasal os ár gciúnn, agus é ’na shuí ’na chathaoir ríoga, agus a choróinn ríoga ar a cheann aige, agus é ag déanamh dlithe agus rialta dhúinn!”
Is é Iupiter do dheineadh agus do bhriseadh ríthe san am san. Thiomáineadar teachtaireacht ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí ’ thabhairt dóibh. “Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair rí dhóibh siúd.” “Cad é an rí a thabharfad dóibh” arsan giolla. “Déanfaidh sail mhaith mhór ghiúise a ngnó,” arsa Iupiter.
D’imigh an giolla agus d’aimsigh sé sail mhór ghiúise agus thug sé leis í agus chaith sé chúthu isteach í, i lár an locha. Nuair ’ thit an tsail sa loch do stealladh an t-uisce sa spéir agus do baineadh a leithéid sin de gheit as na frogannaibh gur shádar iad féin d’aon tsá amháin síos ins a’ draoib a bhí i mbun an locha, agus ná raibh gíocs ná míocs astu go ceann i bhfad.
Fé dheireadh, nuair nár airíodar a thuilleadh fothraim, do thóg frog acu a cheann agus d’fhéach sé suas. Bhí an tsail ansúd sínte ar bárr uisce agus gan cor ná leid aici dá chur di. Do ghlaeigh an frog san láithreach ar an gcuid eile. “Éirídh,” ar seisean, “agus téanam go bhfeiceam an rí!”
D’éiríodar, go maol agus go modhúil ar dtúis. Thánadar go réidh i dtreó na saile. Do shnámhadar ’na tímpall agus fan a dhá taobh síos agus suas. Ansan do shnámhadar treasna fúithi anonn agus anall. Níor chuir sí cor di, ní nách iúnadh. Ba gheárr gur chuadar i ndánacht. Ba gheárr gur léim frog acu in áirde uirthi. Ba gheárr go rabhadar in áirde uirthi ’na bhfichidibh. Níor chuir sise cor di.
“Ach!” ar siad, “níl sa rí seo ach rí gan mhaith!”
Thiomáineadar teachtaireacht eile ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí do chur chúthu “go mbeadh gníomh ann.”
“Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair dóibh siúd rí go mbeidh gníomh ann.”
D’imigh an giolla agus thug sé leis athair nímhe, árrachtaí de phéist mhór chraosach, agus chaith sé sa loch chúthu an phiast. Ní túisce ’ thúirlic an phiast sa loch ná ghluais sí i ndiaidh na bhfroganna dhá n-ithe ar a dícheall.
Do liúdar ar Iupiter an phiast do thógáilt uathu. “B’fhéidir,” arsa Iupiter, “dá olcas é go dtiocfadh rí ba mheasa ná é ’na dhiaidh chúibh.”
“Á!” ar siad. “Is trua chráite nár fhanamair mar ’ bhí againn ar dtúis. Is maith is cuímhin linn a fheabhas a bhí an saol againn!”
“An té ná beidh ciall aige beidh cuímhne aige,” arsa Iupiter leó.
Text view • Book