Folk Tale

An frog agus an mada rua

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date1903
LanguageIrish
OriginIreland

Tháinig frog mór buíbhreac aníos as an loch agus do shuigh sé ar an bport agus chuir sé fógra amach, dhá rá gurbh árdliag é agus go raibh leigheas gach galair aige. Thánadar na hainmhithe go léir fé dhéin an leighis. Bhí an mada rua ann. D’fhéach sé ar an bhfrog. Nuair ’ chonaic sé an t-ainmhí beag suarach do chuir sé drannagháire as.

“Airiú greadadh chút!” ar seisean, “má tá an t-eólas úd go léir agat fé mar ’ fhógrais dúinn, nách mór an iúnadh ná himreann tú beagán de ar do chorpáinín féin. Níl éinne anso inniu is míchúmtha ná thu. Agus cheapfá a chur ’na luí orainn go bhfuilir ábalta ar ár ngearánta go léir do leigheas. Thit tonóisc beag amach dómhsa agus baineadh an t-earball díom. Cheapas, nuair ’ airíos an fhógairt seo uaitse, go mb’fhéidir go gcurfá earball in’ inead orm. Ní fheicim, ámh, go bhfuil earball ort féin. Preit! a dhuine, cá bhfios dod leithéidse cad a bhaineann le hearball!” Agus thug sé a chúl air go míchéatach agus d’imigh sé. Do lean an chuid eile é agus iad go bréan díobh féin.

An Múineadh

An té ná féadann a ghnó féin do dhéanamh is deocair a rá go bhféadfaidh sé gnó an fhir thall do dhéanamh, “Do ghnó féin dein, a dhuine, Ná bac mo ghnó, ná mise.”


Text viewBook