Folk Tale

An Giorria agus an Gealbhan

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date0
LanguageIrish
OriginIreland

Rug iolar ar ghiorria. Bhí sé á mhilleadh agus á chneá. Bhí gealbhan ar scairt ag féachaint orthu. “Cá bhfuil do chosa?” arsa an gealbhan. “Cad ina thaobh nach ritheann tú uaidh? Dá mbeinnse i do chás –.” Ní raibh sé d’uain aige a thuilleadh a rá. Scuab seabhac chun siúil é.

“A!” arsa an giorria, “is minic a d’airigh mé gur maith an t-iománaí an té a bhíonn ar an gclaí”

An Múineadh: An té a bheidh ag faire ar ghnó an fhir thall tabharfaidh sé faillí ina ghnó féin. Ná tabhair comhairle chóngarach neamhchúntach uait nó tiocfaidh sí abhaile chugat uair éigin.


Text viewBook