Folk Tale

An Fhuiseog agus a hÁl

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date0
LanguageIrish
OriginIreland

Bhí fuiseog agus nead aici i ngort. D’imíodh sí amach gach lá ag soláthar don ál beag a bhí sa nead aici. Lá dá raibh sí amuigh tháinig fear an ghoirt agus a mhac agus d’airigh na héin bheaga ag caint iad. “Ar airigh tú, a mhic ó,” arsa an fear, “tá an gort seo aibí. Ní foláir é a bhaint. Imigh agus bailigh na comharsana agus bídís anseo agat ar maidin amárach go mbainfimid mé é.” Nuair a tháinig an fhuiseog abhaile d’inis na héin bheaga di cad a dúirt an fear, “agus cad a dhéanfaimid!” ar siad. “Marófar siad sinn!”

“Ní baol daoibh,” ar sise. D’imigh sí lár arna mhárach ag soláthar mar an gcéanna. Tháinig an fear agus a mhac chun an arbhar a bhaint ach níor tháinig aon chomharsa, agus nuair nár tháinig aon chúnamh ní dhearna siad aon obair. D’fhan siad go hardtráthnóna ag feitheamh. Ansin dúirt an t-athair: “Is beag an tairbhe a bheith ag feitheamh leo seo,” ar seisean. “Imigh ag triall ar ár ndaoine muinteartha agus bídís anseo agat ar maidin go mbainfimid an pháirc seo.”

Tháinig an fhuiseog abhaile agus d’inis na héin bheaga an chaint sin di, agus sceon iontu. “Glacaigí bhur suaimhneas,” ar sise. “Níl baol orainn.”

D’imigh sí arís ar maidin ag soláthar. Tháinig an fear agus a mhac, ach níor tháinig aon duine muinteartha. D’fhan an bheirt ag feitheamh go hardtráthnóna agus ina dhiaidh.

Ansin labhair an t-athair. “Is amhlaidh mar atá an scéal, a mhic ó,” ar seisean, “caithfimid féin an obair a dhéanamh. Dá dtosaímis ar maidin inné bheadh a fhormhór déanta againn um an taca seo. Ach is fearr déanaí nó ródhéanaí. Téimis abhaile anois go rachaimid a chodladh in am agus bímis anseo ar éirí lae ar maidin agus bainfimid féin an gort.”

Tháinig an fhuiseog abhaile. “Cad a dúradh inniu?” ar sise. “Dúirt an fear,” ar siad, “go mbeadh sé féin agus a mhac anseo ar éirí lae ar maidin agus go mbainfidís féin an gort.”

“Ambaiste, a chlann ó,” ar sise, “ní foláir dúinn a bheith ag gluaiseacht. Bainfear an gort amárach.”

An múineadh: An té a bheidh ag brath ar an bhfear thall chun a ghnó a dhéanamh, beidh an gnó gan déanamh aige.


Text viewBook