Folk Tale

An tAsal agus an Bia

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date1903
LanguageIrish
OriginIreland

Bhí asal agus bhí ciseán ar a mhuin, agus bhí an ciseán lán de bhia maith, i gcomhair na bhfear a bhí ag obair sa ghort ar an taobh thall den bhaile. Ag cur an bóthar de don asal, chonaic sé feochadán breá glas borb i leataobh an bhóthair, agus chrom sé ar é a ithe. Nuair a chuaigh blas cumhra an fheochadáin suas ina chogansach rinne sé a mhachnamh mar seo.

“Is greannmhar an scéal é,” ar seisean. “Is iomaí bia fónta agam sa chiseán seo thiar ar mo mhuin, agus is mór é dúil na bhfear ann. Ach im bhriathar gurbh fhearr liom féin an feochadán seo ná é.”

An Múineadh: “Gach duine agus a mheon féin aige.” “Beatha duine a thoil.”


Text viewBook