Folk Tale

Na Machtírí agus na Caoire

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date1903
LanguageIrish
OriginIreland

Bhíodar na machtírí agus na caoire i bhfad i gcogadh le chéile. Fé dheireadh d’iarradar sos cómhraic ar a chéile le hionchas go ndéanfí síocháin. Dob éigean gill do thabhairt ó gach taobh go ndéanfí an sos cómhraic do sheasamh. Dúradar na machtírí, na caoire do thabhairt na ngadhar uathu, agus go dtabharfaidís féin a gcoileáin uathu. Do deineadh mar sin.

Ar ball, nuair ’ chonacadar na coileáin na caoire ’na dtímpall agus gan tuairisc ar a máithreachaibh féin, chromadar ar ghlamaíol agus ar ghol go truamhéileach. D’airigh na máithreacha gol na gcoileán. “Ó!” ar siad, “táid na caoire úd ag marú ár gcoileán! Tá an sos cómhraic briste!” Agus siúd i measc na gcaorach iad, dhá marú agus dhá n-ithe, mar ní raibh aon ghadhar anois ag na caoire bochta.

An Múineadh

Glac cómhairle ód namhaid—ach féach nách cómhairle ar mhaithe leis féin í.


Text viewBook