Folk Tale

An León agus na Cheithre Tairbh

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date1903
LanguageIrish
OriginIreland

Bhí cheithre tairbh ar ínse ag inníor. Bhí cion acu ar a chéile agus d’fhánadar coitianta in aice a chéile. Bhí león ar charraig ag faire orthu agus mian mairteóla air. Bhí a fhios aige, dá dtugadh sé fé cheann acu do mharú go gcuirfeadh an chuid eile na hadharca láithreach ann agus go maróidís é. Bhí sé i gcruachás féachaint cad ba mhaith dho ’ dhéanamh.

Fé dheireadh do chuímnigh sé ar shlí ’na dtiocfadh sé orthu. Do ghluais sé ar measc na gcómharsan agus chrom sé ar uisce-fé-thalamh do dhéanamh i measc na dtarbh. Duairt sé i gcogar leis an mada rua gur airigh sé an tarbh ceannann dhá rá gur tharbh gan mhaith an tarbh druimeann. Duairt sé leis an meaig gur airigh sé an tarbh donn dhá rá gur bhithiúnach an tarbh ceannann. Duairt sé leis an bhfiach ndubh gur airigh sé an tarbh dubh dhá rá go raibh an tarbh donn ar tí an tairbh cheannainn do mharú.

Ba gheárr go raibh an mada rua ar an ínse, ‘’na suí ar thortóig, agus an fiach dubh tamall uaidh anonn, ar ghéig fuínseóige, agus iad dhá ínsint dá chéile cad ’duairt an león. Bhí an meaig ag imeacht ó dhrom tairbh go drom tairbh eile agus é ag sceathaireacht.

“Cad ’tá ag an mbeirt úd thall dá rá?” arsa tarbh den cheathrar, i gcogar, leis an meaig. Ba gheárr go raibh an chogarnach go léir ínste dhóibh ag an meaig. D’inis sé an scéal i gcogar do gach tarbh fé leith sa tímpall.

As san amach do tháinig drochiúntaoibh ag an gceathrar as a chéile. Chuireadar suas de labhairt le chéile ach go hannamh agus go cosantach. I ndiaidh ar ndiaidh do dhruideadar ó chéile. Fé dheireadh d’imíodar a radharc a chéile.

Ansan do tháinig an león orthu, agus do mhairbh sé iad agus d’ith sé iad ar a shástacht, ’na gceann is ’na gceann.

An Múineadh

Ní neart go cur le chéile. Ní laige go scaipeadh. “Tá duine ann is measa ná an t-áirseóir, fíor na Croise idir sinn is é! ’Sé sin an tiúsclóir.” Éire i bpáirt—Éire ar lár.


Text viewBook