Folk Tale

An Mac agus a Mháthair

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date1903
LanguageIrish
OriginIreland

Bhí an mac ar scoil agus ghuid sé leabhar ó scoláire eile. Nuair ’ tháinig sé abhaile agus an leabhar aige is amhlaidh a mhol an mháthair an gníomh a bhí déanta aige. Ba gheárr gur ghuid sé tuilleadh agus má ghuid do mhol sí níos feárr é.

Fé mar a neartaigh sé san aois do chruaigh sé sa ghadaíocht agus thug sé a lán nithe ba dhaoire ná a chéile chun a mháthar.

Fé dheireadh do rugadh air agus do daoradh chun a chrochta é. Bhí sé thuas ar an gcroich agus an téad féna mhuineál. Bhí a mháthair ’na seasamh ag bun na croiche agus í ag gol.

D’iarr sé ar an lucht cimeádta leogaint do focal do labhairt léi. Do leogadh in áirde í. Do chrom sé a cheann chun a cluaise mar ’ bheadh sé chun cogair a thabhairt di. In’ inead san is amhlaidh a rug sé ar chluais uirthi len’ fhiaclaibh. Do bhain sé an chluais ón gceann di!

Do scread a raibh láithreach le gráin ar a leithéid de ghníomh ag mac dá dhéanamh ar a mháthair agus é ag dul chun báis.

“Stadaidh, a dhaoine maithe,” ar seisean. “Cé is dó’ libh a thug chun na chroiche seo mise?” ar seisean. “Sin í ansan í,” ar seisean. “Dá ngabhadh sí orm go maith le slait an lá a ghuideas an leabhar ní ghuidfinn a thuilleadh agus ní bheinn anso anois.”

An Múineadh

Tosach an uilc is é is usa do chosc. “Nuair ’ chruann an tslat is deocair í ’ shníomh.” “Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.”


Text viewBook