Folk Tale

An Mada Rua sa Tobar

AuthorPeadar Ua Laoghaire
Book TitleAesop a tháinig go hÉirinn
Publication Date1903
LanguageIrish
OriginIreland

Thit mada rua síos i dtobar lá. Bhí an tobar ródhoimhinn agus na fallaí ’na thímpall róshleamhain agus do theip air teacht ainíos. B’é a dhícheall é féin do chimeád gan dul fé uisce.

Thárla do mhachtíre bheith ag gabháil thar an dtobar. D’airigh sé an rud ag corraí thíos ins a’ tobar. D’fhéach sé síos. “Ó! a Reinaird an chroí ’stigh!” ar seisean, “cad d’imigh ort, nú conas a chuais ansan síos! Ó! Ó! Ó! Mo thrua thu, a fhir bhocht! Go deimhin féin agus go dearfa is oth liom go mór a leithéid de mhatalang do thitim amach duit. Ó! go deimhin agus go dearfa is fada nár tháinig aon ní crosta orm is mó ’ chuir de chathú orm ná tu ’ fheiscint ’na leithéid de chás.

Chómh luath agus ’ fuair an mada rua caoi ar fhocal do labhairt do labhair sé. “Is maith an rud trua ’ bheith agat do dhuine, gan amhras, ach dá ndeintá iarracht éigin ar me ’ tharrac amach as an áit seo,” ar seisean, “ba dhó’ liom gur thairbhí é ná a bhfuil de chainnt agat.”

An Múineadh

“Ní chothaíd na bréithre na bráithre.”


Text viewBook