Text view
An Leon agus an Luchóg
Title | An Leon agus an Luchóg |
---|---|
Original Title | El león y el ratón |
Original ID | trans-9026.xml |
Book Author | Cailliomachas |
Language code | gle |
Bhí luchóg ann tráth, agus ar theacht amach di as a poll, bhuail sí le leon mór millteanach.
Bhí an leon chun í a ithe. “Más é do thoil é, a mhic Uí Leoin, ná hith mé. Lá éigin amach anseo, b’fhéidir go mbeadh gá agat liom.” “Tuige an mbeadh gá agamsa le ruidín chomh beag leatsa,” arsa an leon.
De bhrí go raibh sí chomh beag sin, ghlac an leon trua di agus lig léi. Lá amháin, chuala an luchóg búir mhór. Ba é an leon a bhí ann.
Nuair a bhain sí an áit amach, chonaic sí go raibh an leon gafa in eangach. “Sábhálfaidh mise tú,” arsa an luchóg. “Tusa? Tá tusa ró-bheag le hobair chomh dian sin a dhéanamh.”
Thosaigh an luchóg ag creimeadh ar théada na heangaí agus sábháladh an leon.
Ón lá sin amach ba bhuanchairde iad.